Tríd an Ionad Foghlama & Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh is féidir leat do chuid eolais agus scileanna gairmiúla a fheabhsú ar bhonn leanúnach ach rogha modúl a dhéanamh ar bhonn aonair, gan aon ghá tabhairt faoi chúrsa staidéir níos faide. Táimid ag glacadh le hiarratais don bhliain acadúil seo romhainn ag tosú i Meán Fómhair 2023. Cliceáil ar an nasc Cúrsaí thíos chun na cúrsaí atá ar fáil a fheiceáil.

Cúrsaí Micridhintiúr

Tá ollscoileanna an IUA ag comhoibriú le chéile chun bunú Creat Náisiúnta Cáilíochta do chúrsaí micridhintiúr a threorú, an chéad cheann san Eoraip, faoin tionscadal MicroCreds.

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag ullmhú sraith ilghnéitheach cúrsaí micridhintiúr a sheachadtar ar bhealaí solúbtha mar chuid den tionscadal seo.

Tuilleadh Eolais

Cén chaoi a n-oibríonn CPD?

Mar ghairmí gnóthach ní mór duit coinneáil cothrom le dáta le hionad oibre atá ag síorathrú. Cuirimid go leor bealaí solúbtha ar fáil chun do scileanna gairmiúla a fhorbairt ar bhonn leanúnach.

Áirítear ar na bealaí seo seimineáir aon lae le saineolaithe agus taighdeoirí den scoth, agus modúil a bhaineann úsáid as an bhfoghlaim chumaisc nó foghlaim ar líne.

Tuilleadh Eolais

Buntáistí a bhaineann le CPD

Is annamh a bhíonn an t-am ag gairmithe gnóthacha a ngairm a chur ar leataobh chun filleadh ar oideachas lánaimseartha. Seo mar is féidir leat breisoiliúint a chur ort féin ar bhonn páirtaimseartha a bheidh oiriúnach do do sceideal féin.

Tuilleadh Eolais

Eolas fúinn

Tá taithí na mblianta ag ár bhfoireann dhinimiciúil oideachasóirí ardcháilithe ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach a éascú.

Is féidir leat leas a bhaint as an gcumas atá againn teoiric na foghlama d’aosaigh a chur i bhfeidhm mar chuid den fhoghlaim sholúbtha a chuirtear ar fáil do dhaoine gnóthacha.

Tuilleadh Eolais