Bíonn deis ag foireann uile na hOllscoile freastal (ar phraghas laghdaithe) ar chúrsaí Dioplóma de chuid an Acadaimh má theastaíonn uathu cáilíocht oifigiúil a bhaint amach sa Ghaeilge.  Dóibh siúd ar mhian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha sa teanga, cuirtear ranganna foirne ar siúl ag am lóin ag ceithre leibhéal éagsúla le linn na bliana acadúla. Cuirtear ranganna ar fáil i gCruinnscríobh na Gaeilge freisin le cuidiú le comhaltaí foirne a bhíonn ag oibriú trí mheán na Gaeilge scríobh go muiníneach sa teanga.  Ní bhaineann aon chostas leis na ranganna foirne seo agus is deis iontach atá iontu do chomhaltaí foirne a gcuid Gaeilge a chleachtadh in atmaisféar gan strus agus aithne a chur ar a gcuid comhghleacaithe ollscoile ag an am céanna. 

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi na ranganna Dioplóma is féidir dul i dteagmháil le Caitríona Leather in Oifig an Dioplóma (caitriona.leather@oegaillimh.ie; folíne: 5428) agus is í Peigí Ní Oibicín (peigi.nioibicin@oegaillimh.ie; folíne: 3636) a bhíonn ag plé leis na ranganna foirne a reáchtáiltear ag am lóin.

Cúpla frása agus leid chun do chuid Gaeilge a chleachtadh ar an gcampas: http://nuigalway.ie/cuplafocal/