Dianchúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta 

Cúrsaí Seachtaine
Táille Theagaisc: €320
Meánrang & Ardrang: 

  • Cúrsa A: 13/05/2024 - 17/05/2024
  • Cúrsa B: 24/06/2024 - 28/06/2024

Tá tacaíocht iomlán na rannpháirtithe riachtanach leis an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa. Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa idir theagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín srl.

Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór foirm iarratais a bheith comhlánta mar aon leis an táille theagaisc a bheith íoctha:

  • faoin 18/04/2024 do Chúrsa A (13 – 17/05/2024) 
  • faoin 30/05/2024 do Chúrsa B (24 – 28/06/2024) 

Is féidir leat glaoch ar an oifig (Luan go hAoine) le sonraí do chárta creidmheasa/dochair leis an íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón ag 091 494600091 494606 idir 09.30 - 16.00.

* Tá sé de cheart ag Ollscoil na Gaillimhe aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Aisíocfar na táillí sa chás sin.

Lóistín
Má tá lóistín uait cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Tugtar an-deis an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach ar an gcaoi seo.

Táille Lóistín:

  • €240.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
  • €350.00: Seomra Singil

Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh).
Costas lóistín le híoc le Bean an Tí.

Le clárú
Is féidir cliceáil anseo le clárú don chúrsa:  Dianchúrsaí Gaeilge 2024 

Tuilleadh eolais:
T: +353 91 494600 / +353 91 494606
R: ancheathrurua@ollscoilnagaillimhe.ie


Cá bhfuilimid lonnaithe?

Táimid lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Is ceantar láidir Gaeltachta é an Cheathrú Rua agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.

Cé air a bhfuil ár gcúrsaí dírithe?

  1. Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada agus foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta. 
  2. Daoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena n-eolas ar chúrsaí gramadaí. 
  3. Daoine a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge ach ar mian leo saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach.

Cuspóirí an chúrsa

  • Léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar éagsúlacht shaol na Gaeilge idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr. 
  • Tuiscint a chothú iontu ar úsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh.
  • Deiseanna a chruthú dóibh le sásamh pearsanta a bhaint as a bheith ag sealbhú, ag saibhriú agus ag buanú a gcuid Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta.

An Cur Chuige Teagaisc

Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tugtar tús áite do riachtanas teanga na rannpháirtithe. Bíonn an bhéim ar obair bheirte agus ghrúpa, ar rólghníomhaíochtaí agus ar chluichí teanga. Múintear an ghramadach de réir mar a bhíonn sí ag teastáil agus i gcomhthéacs den chuid is mó den am.

Ábhar Ranga

  • Straitéisí Comhrá 
  • Cleachtaí éisteachta/cainte/léitheoireachta/scríbhneoireachta 
  • Cluichí teanga 
  • Cora cainte ó na canúintí éagsúla 

Imeachtaí seach-churaclaim

  • Turais oidhreachta 
  • Tráth na gCeisteanna Boird 
  • Damhsa Seite/Céilí 
  • Siúlóidí Dúlra
  • Tóraíochtaí Taisce
  • Ceardlanna Amhránaíochta

Eolas Breise
Tá eolas ginearálta faoi na dianchúrsaí seo ar fad le fáil ar an leathanach eolais seo.

Tá bróisiúr faoi na dianchúrsaí le foirm iarratais ar fáil i bhfoirm PDF faoin réimse 'Íoslódálacha' thíos.